Céimeanna leis an Q-Mharc a bhaint amach
Céimeanna leis an Q-Mharc a bhaint amach
Ní féidir an Q-Mharc Gnó le Gaeilge a fháil ach trí na critéir a leagtar amach sa Chaighdeán Q-Mharc Gnó le Gaeilge a chomhlíonadh. Déanann an caighdeán cur síos mionsonraithe ar na critéir íosta a theastaíonn ó aon eagraíocht gnó, ar mian leo an gradam Q-Mharc Gnó le Gaeilge a fháil.
Tá ceithre phrionsabal lárnacha ag an chaighdeán:
01
Forbairt Tionscadail:
Cuir rannpháirtithe ar an eolas go mbeidh an dátheangachas á chur i bhfeidhm céim ar chéim; dearbhaigh cé na hacmhainní atá ar fáil agus cé na hacmhainní atá de dhíth le spriocanna an bheartais teanga a bhaint amach.
02
Cur i bhfeidhm:
Glac leis na bunstruchtúir, na bunphróisis agus na bunghníomhaíochtaí atá riachtanach agus ábhartha don ghnó a bheith ag obair i dtreo an dátheangachais.
03
Measúnú:
Déan cinnte go bhfuil na struchtúir, na próisis agus na gníomhaíochtaí curtha i bhfeidhm mar is ceart agus go bhfuil siad ag oibriú.
04
Cothabháil:
Struchtúir a chothabháil chun a chinntiú go gcloífear le caighdeán an Mharc Deimhniúcháin ar feadh trí bliana.